Ghnóthaigh an chéad úrscéal seo Duais an Oireachtais 2007, agus Gradam Uí Shúilleabháin 2008. Suitear an Cléireach in Éirinn agus ar an Mór-Roinn i lár na 17ú haoise, agus mórthimpeall ar eachtra amháin, ach go háirithe, a thiteann amach le linn ionradh Chromail ar Éirinn, nuair a cruinnítear buíon bheag ar thaobh sléibhe agus, in ainneoin an áir atá á bhagairt orthu, ar feadh aon oíche amháin tagann aiteall sa bháisteach, soilsíonn na réaltóga, agus déantar ceiliúradh ar an ealaín is ar aislingí.
Gaillimh, Earrach na bliana 1612. Tá an chathair trí chéile ag ráflaí, brúidiúlacht, agus ansmacht; an tír ar fad faoi cheannas Shasana; agus Aodh Mór Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh. Leagtar cúram ar Lúcás Ó Briain - Gaillimheach óg a thabharfar as a chathair dhúchais ar aistear fada thar lear. Ach ar a shála tá an Sionnach, duine de na spiairí is glice agus is cruálaí atá ag an namhaid, agus orduithe aige stop a chur leis, ar ais nó ar éigean.
Úrscéal staire a suitear sa dún deireanach i gCúige Uladh atá á chosaint ag Gaeil. 1651, tá Eoghan Rua Ó Néill ar lár agus tá fórsaí Chromail tar éis an tír a chur faoina seilbh. I gcúige Uladh, seasann buíon bheag Gael faoi cheannas Fhéilim Uí Néill. Daingníonn siad Dún Chnoc Séarlais i gcoinne na Sasanach. Is gearr go mbíonn an dún timpeallaithe ag fórsaí Shasana agus na gunnaí móra dirithe ar an ngarastún Gaelach.